C茅im in Airde: N贸ra Mharcais Bhig

P谩draic 脫 Conaire: N贸ra Mharcais Bhig
T贸gann cail铆n long anonn go Sasan le toircheas a choinne谩il faoi r煤n
Téarmaí
• An tseanlánúin – tuismitheoirí Nóra
• Ar a n-aimhleas – Níor éirigh go rómhaith leo
• Sa tsean-nead – sa bhaile
• Bhí sé ina staicín áiféise – Bhíodh muintir na háite ag magadh faoi
• Gabháltas – píosa talaimh
• Lár a leasa – d’oibreodh sé amach go maith di
• Tuige – cad chuige
• Ag gol – ag caoineadh
• Uamhan – an-eagla
• Feadh scaithimh bhig – ar feadh tamaill bhig
• Ag teastáil uathu – de dhíth orthu
• Ag ragairneacht – ag baint sult as an saol, ag ól ’s ag imirt
• Sásamh aigne – faoiseamh
• Bhí sé ina shíorchomhrac eatarthu – Coimhlint leanúnach
• Lá meirbh brothallach – lá iontach te
• Veidhleadóir – fidléir
Téamaí
• An bród – Tréithe diúltacha an bhróid sa duine daonna
• An náire – an eagla roimh náire
• Saol tuaithe in Éirinn
• Imirce
• Creideamh
• Alcólachas
• Sláinte mheabhrach
Teachtaireachtaí
• Stádas na mban vs stádas na bhfear. Bhí Nóra thíos leis an “pheaca” ach bhí beirt acu ann.
• Go mbíonn mac nó iníon níos dílse don tuismitheoir a thugann comhairle dóibh ach a ligeann dóibh a roghanna féin a ghlacadh.
• Scriosann an bród agus an eagla roimh náire caidreamh agus saol.
• Go raibh fadhbanna Nóra go hiomlán inseachanta agus gur thit siad amach de dheasca ghníomhartha na bhfear ina saol.
Téagar
• Cé go bhfuil sé sách gruama mar scéal, léiríonn sé máistreacht scríbhneoireachta Uí Chonaire agus tugann sé léargas tábhachtach ar Éirinn san am ar scríobhadh é.
• D’fhéadfá a rá go bhfuil cuid den teachtaireacht ábhartha sa tír sa lá atá inniu ann.
• Ní hionann agus scríbhneoirí na Gaeltachta a bhí ag athinsint na seanscéalta, bhí Ó Conaire ag scríobh faoi théamaí a raibh baint acu le muintir na tíre ag an am, stádas na mban ina measc.
• “Más iad sin na béasa a d’fhoghlaim tú i Sasana...is ann a chaithfeas tú a gcleachtadh” - leis seo, léiríonn Ó Conaire an stádas íseal a bhí ag mná na hÉireann – níl dóigh ar bith go gcuirfí an ruaig ar mhac meisce.
• Léiríonn an scéal an tionchar a bhí ag an eaglais in Éirinn – ar ndóigh bhí sí an-choimeádach, ach tháinig Nóra ar deireadh chuig teach an phobail agus is ann a fuair sí tearmann. Creidim go bhfuil Ó Conaire, a lorgaíonn an fhírinne i gcónaí, ag rá linn go raibh lochtanna ar an eaglais gan dabht ach go raibh sagairt chineálta ann go fóill.
• Níl mórán dóchais ag baint leis agus is léir nach raibh an Conaireach ar aon intinn leis an Phiarsach, ach níor chuir Ó Conaire an fhírinne faoi cheilt.