Main content

C茅im in Airde: Na D茅ithe Br茅ige

Fionnt谩n De Br煤n: Na Deithe Br茅ige

D贸nal 脫 N茅ill agus Pada铆 de Bl茅ine ag pl茅 Na D茅ithe Br茅ige le Fionntan de Br煤n

Teideal

• Tá an teideal an-fhóirsteanach agus coimríonn sé a bhfuil sa scéal
• Is imeartas focal é ar an chéad aithne as na deich n-aithne a thug Dia do Mhaois ar Shliabh Shinai
• Is déithe bréaga iad na rudaí a gcuireann an triúr sagart tábhacht leo – íomhá, airgead, ábharachas, cumhacht, stádas, drúis, institiúid
• Is déithe bréaga an triúr sagart nach bhfuil sásta cuidiú leis an ghasúr agus atá sásta ligean dó bheith ina íobartach ar son na hinstitiúide
• Tá Ó Murchú ina fhíorChríostaí agus iompraíonn sé é féin ar an dóigh chéanna a d’iompródh Dia é féin agus é buartha faoin duine atá ar strae seachas an slua.

Téarmaí

• Íobartach – ag marú duine nó ainmhí ar son Dé – íobairt dheasghnách ag adhradh Dé
• Cinniúint – an rud atá i ndán duit / an rud atá ag dul a tharlú duit gan smacht agat air
• Ar fionraí – cuirtear dalta ar fionraí má bhriseann sé rialacha na scoile
• Ag cur constaicí roimhe – ag cur deacrachtaí roimhe a chuirfidh isteach air agus beidh sé níos deacra air a sprioc a bhaint amach
• Ar seachrán – bheith caillte ar do bhealach nó bheith ar strae gan eolas do bhealaigh agat
• Fianaise agus faisnéis – cruthúnas agus deimhniú
• An tAinspiorad – an Diabhal
• Formhothaithe – teacht ar dhuine go formhothaithe – teacht ar dhuine nuair nach bhfuil sé ag dúil leis
• I lár báire – I lár an aonaigh
• Ar an ábhar nach mbeadh cos faoi – cionn is nach mbeadh leithscéal ar bith aige
• B’fhéidir gurbh é lár a leasa é – b’fhéidir gurbh é an rud ab fhearr dó
• I mbothóga beaga suaracha – I seantithe beaga salacha
• Ghoill sé air – chuir sé isteach go mór air
• Seanchailleach – seanduine
• Mar a bhainfí a mhíthapa as – amhail is go mbrisfí ar a fhoighne

Téamaí

• Religiún rialta agus a bhfuil i ndán don duine a bhriseann na rialacha
• Cultúr na Cliarscoile leis an diansmacht agus Cumhacht na cléire
• Indibhidiúil in éadan institiúide
• Fimíneacht an té a bhfuil cumhacht aige
• Reiligiún in éadan Críostaíochta
• Éiteas na scoile go poiblí agus éiteas na scoile go príobháideach

Teachtaireachtaí

• An difear idir an sagart sna misin agus na sagairt sa bhaile
• Siombalachas na heaglaise in Éirinn agus na heaglaise sna misin
• Nach i gcónaí an té a bhfuil an chumhacht aige an té a dhéanann an cinneadh ceart
• Gur tábhachtaí dea-chlú na hinstitiúide ná anam an pheacaigh
• Nach é an té atá saor ó locht a chaitheann an chéad chloch
• Gur féidir na rialacha a lúbadh in amanna
• An té atá thíos buailtear cos air – máthair Uí Mhuireagáin ina baintreach ach nach cuma

Téagar

• Caitheann an gearrscéal seo solas ar fhimíneacht na heaglaise
• Más caora chaillte é Piaras Ó Muireagáin níl ach aoire maith amháin ann as an cheathrar sagart atá sásta cuidiú leis
• Más é Piaras Ó Muireagáin an mac drabhlásach is é an tAthair Ó Murchú an t-athair sa scéal as an Bhíobla
• Tá an triúr sagart mar a bheadh an scaifte ann a d’iarr ar Pontius Pilate Íosa Críost a dhaoradh agus a chéasadh
• Dímheas an triúr sagart ar Ó Murchú a léiríonn tréithe daonna agus Críostúla
• Tábhacht an tréadchúraim sna scoileanna do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu dála Uí Mhuireagáin
• Léargas ar an lámh láidir sna scoileanna thiar sna hochtóidí
• An planc a bhaint as do shúil féin sula mbaineann tú an scealp as súil do chomharsan
• An dóigh a dtig le duine éirí institiúidithe