Main content

C茅im in Airde: Jack

M谩ire Mhac an tSaoi: Jack

D茅anann Gr谩inne N铆 Ghil铆n agus an Docht煤ir Niall Comer 贸 Ollscoil Uladh, anail铆s ar 'Jack'

Teideal

• Simplí
• Ainm fir
• Níl mórán eile ar eolas againn go fóil


Téarmaí

• strapaire – fear ard, téagartha, dathúil
• feasta – as seo amach, sa todhchaí
• a ghéaga – a lámha, a sciatháin
• a chaint sibhialta – a chaint mhúinte
• a ghruaig nuachíortha – a ghruaig ar chíor sé í ar ball beag
• síolbhach – clann, páistí
• beagbheann ar chách – is cuma cad a shíleann daoine eile
• ób’ gheal lem chroí é – mar bhí dúil agam ann / mar bhí cion agam air
• barr – toradh, fómhar, an méid a fhásann sa talamh agus ar féidir é a ithe nó a dhíol
• rath – toradh maith ar a chuid oibre
• séan – sonas, áthas
• tréitheach – cumasach, ábalta, buanna a bheith aige
• go dté crích air – go dtí lá a bháis
• mo rogha ‘pháirtí – an fear ab ansa liom, an fearr ab fhearr liom

Téamaí

• caidreamh samhraidh
• gearrchaidreamh deas éadrom
• teacht in inmhe na mná óige
• cuimhní cinn ar an óige
• mianta collaíochta
• dúil na mná san fhear slachtmhar
• an chodarsnacht idir an saol tuaithe agus an saol cathrach
• ionchais an fhir thuaithe agus na mná cathrach
• beannacht ar fhear a bhfuil cion ag an phearsa dó
• beannacht ar fhear a bhfuil dea-chuimhní ag an phearsa air

Teachtaireachtaí

• Ní mhaireann an caidreamh samhraidh ach seal, ach is deas ann é mar sin féin.
• Is deas a bheith ag cuimhneamh siar ar an óige.
• Is minic barraíocht de dhifear idir saol an fhir thuaithe agus saol na mná cathrach le go bhfanfaidh
• siad le chéile mar lánúin.
• Bíonn a mbealach sa tsaol saol leagtha amach faoi choinne daoine áirithe, mac feirmeora, mar shampla.
• Déanfaidh an mac feirmeora mar a rinne a shinsir.

Téagar

• Is aoibhinn laethanta na hóige.
• Ní mhaireann aon ní ach seal.
• Maireann croí éadrom i bhfad.

Gaeilge na Mumhan

• ná cuimhneoidh – nach gcuimhneoidh
• go rabhas-sa – go raibh mé
• ní dhearúdfad – ní dhéanfaidh mé dearmad ar / ní ligfidh mé i ndearmad
• im – i mo
• a ghéaga im thimpeall – a lámha thart orm
• fén – faoin
• íle – ola
• Dob é – Ba é
• so – seo