C茅im in Airde: Stoitse

M谩irt铆n 脫 Dire谩in: Stoite
Cad 茅 an oidhreacht a bheidh f谩gtha i do dhiaidh?
Teideal
• Ciallaíonn teideal an dáin seo go bhfuil rud bainte amach, go bhfuil rud as ord, nach bhfuil achan rud mar ba chóir do a bheith.
• Tá Ó Direáin ag caint sa dán seo faoi mhuintir an oileáin iad féin agus meath an phobail sin.
Téarmaí
• Áthas – ‘áiteas orthu bhíodh.’
• Meas – ‘Thóg an fear seo teach
Is an fear úd
Claí nó fál.’
• Bród – ‘Ár n-aithreacha bhíodh
Is a n-aithreacha siúd
In achrann leis an saol
Ag coraíocht leis an gcarraig loim.’
• Brón / Aiféala – ‘Beidh carnán trodán
Faoi ualach deannaigh
Inár ndiaidh in Oifig Stáit.’
Téamaí
• An grá (don áit dúchais)
• Tábhacht na háite dúchais
• An choimhlint idir saol na cathrach agus saol an oileáin
• Meas ar an oileán agus dímheas ar an chathair
• Uaigneas
Teachtaireachtaí
• Scríobhadh an dán seo agus Ó Direáin ina chónaí i mBaile Átha Cliath agus é ag smaoineamh siar ar a áit dúchais, na hOileáin Árainn.
• B'as na hOileáin Árainn dó ach bhí air bogadh go Baile Átha Cliath le post a fháil.
• Ní thaitníonn saol na cathrach leis agus tá dúil mhór aige ina áit dúchais.
• Léiríonn Ó Direáin an meas mór atá aige ar shaol an oileáin agus ar mhuintir an oileáin sa dán seo.
• Is follasach fosta nach bhfuil mórán measa ag An Direánach ar shaol na cathrach nó ar mhuintir na cathrach sa dán seo.
Téagar
• Athrá – ‘Sinne a gclann
Is clann a gclainne.’
• Siombalachas – Na tithe, an claí, an fál i gcomparáid leis an charnán trodán agus an Oifig Stáit.
• Meafar – Meafar an stoiteachais.
• Codarsnacht idir meas mór ar an oileán agus dímheas ar an chathair.
• Úsáidtear glór macánta sa dán le teachtaireacht an fhile a chur in iúl.