C茅im in Airde: Fill Ar铆s

Se谩n 脫 R铆ord谩in: Fill Ar铆s
D茅anann Gr谩inne N铆 Ghil铆n agus an Docht煤ir Niall Comer 贸 Ollscoil Uladh, anail铆s ar an d谩n
Teideal
• Modh ordaitheach – an file ag iarraidh orainn rud a dhéanamh.
• ‘Fill arís’ – léiríonn sé seo go raibh muid ‘ann’ (cibé áit a bhfuil sé) cheana féin.
• Gairm atá ann le filleadh ar áit nó staid ina raibh muid.
Téarmaí
• 'Shelley, Keats is Shakespeare’ – mórphearsana na litríochta i Sasana ag an am. Ní raibh an léann dúchasach á theagasc in Éirinn ag an am agus seasann an triúr seo do litríocht an choilíneachais.
• Luann an file ‘Cath Chionn tSáile’ sa cheathrú líne. Tharla an cath céanna sa bhliain 1601 nuair a buaileadh na Gaeil in aghaidh fhórsaí Shasana. Amharctar air mar chlaochlú i saol na hÉireann, nuair a bhí deireadh leis an cheannasaíocht Ghaelach sa tír, agus ‘ón uair sin go bhfuil an t-ualach trom,’ is é sin le rá go raibh sé trom le bheith mar ‘Ghaeil’ ón uair sin ar aghaidh.
Téamaí
• Impí chun filleadh ar an dúchas.
• Cúl a thabhairt leis an saol Ghallda.
• ‘Gleann na nGealt’ (an saol Gallda) a fhágáil inár ndiaidh
• Filleadh ar dhúchas na Gaeltachta
• Filleadh ar ár ndúchas mar Ghaeil
Teachtaireachtaí
• Sa chéad líne den dán, luann Ó Ríordáin an tOirthear ‘... thoir,’ agus é ag caint faoin Ghalltacht.
• Déanann sé tagairt do ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ agus seasann an triúr céanna do chultúr an Bhéarla – agus an cineál cultúir a bhí á chur chun cinn in Éirinn ag an am.
• Fill ar aimsir roimh an chlaochlú ar shaol Gaelach na hÉireann.
• Is sa Ghaeltacht amháin a gheofar an Gaelachas mar is ceart – baineann sé seo le fealsúnacht Uí Ríordáin – go bhfuil duine eile ionainn agus gur féidir é a aimsiú.
• Ní nádúrtha linn an saol Gallda “teanga a chuaigh ceangailte i gcomhréiribh.
• Ceangal idir sainiúlacht teanga agus sainúlacht duine.
Téagar
• Luíonn réiteach na faidhbe le filleadh ar an Ghaeltacht. “Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne, / Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann...”
• Ó Ríordáin ag amharc ar an turas seo mar thuras spioradálta: ‘Buail is osclófar / D’intinn féin is do chló ceart’ – ag teacht go mór le fealsúnacht an fhile.