Main content

C茅im in Airde: N铆l Aon N铆

Cathal 脫 Searcaigh: N铆l Aon N铆

Pl茅ann Annie Clarke agus Ciara Nic Aodha an d谩n seo

Teideal

• Tá an teideal iontach tabhachtach sa dán seo mar taispeánann sé ó thús an dáin na mothúcháin láidre atá ag an fhile dá cheantar féin - Níl aon rud (Ní) níos fearr nó ar chomhleibhéal lena cheantar féin - dar leis an fhile.

Téarmaí

• Tá an file ag labhairt lena ghrá sa dán seo
• Ba mhaith leis an fhile a ghrá a mhealladh ón chathair go dtí a áit chónaithe sa Ghaeltacht
• Sa dán seo, tugann an file cuireadh dá ghrá teacht leis go Caiseal na gCorr
• Tá an chuma ar an dán go bhfuil an t-ábhar seo pleite ag an bheirt chéana féin ach níl siad ar aon intinn faoi dtaobh de
• Sa dán seo, tá an file ag cur síos ar an na difríochtaí idir saol na tuaithe agus saol na cathrach agus ar an difríocht idir é féin agus a ghrá geal
• Luann an file go bhfuil sé níos fusa air filíocht a scríobh ina cheantar féin - an bhfuil deacrachtaí aige sa chathair?

Téamaí

• Is é grá don cheantar dúchais príomhthéama an dáin seo.
• Saol na tuaithe agus saol na cathrach
• Saol na Gaeltachta agus saol na Galltachta

Teachtaireachtaí

• Grá ag an fhile dá cheantar féin/don Ghaeltacht/don tuath

• Fuath ag an fhile do shaol na cathrach/do shaol na Galltachta

Téagar

• Íomhánna - “Clapsholas smólaigh”/” Buiceád stáin na spéire”/”ciúnchónaí sléibhe” - Cruthaíonn Ó Searcaigh íomhá d’áit draíochta
• Meafair - “Búicéad stáin na spéire”/”Bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha mar shiolastrach Ghleann an Átha”
• Uaim - “Clingireacht na gcloigíní gorma”
“brúchtbhaile balscoideach”
• Codarsnacht - ciúnas na tuaithe agus torann na cathrach
Suaimhneas na tuaithe, “clapsholas smólaigh I gCaiseal na gCorr” agus cruachás na cathrach “lena ghleo tráchta gan stad”
• Baineann an file úsáid as logainmneacha an cheantair le háilleacht an cheantair a thaispeaint don léitheoir. Ardaíonn Ó Searcaigh tábhacht na n-áiteanna beaga agus na logainmneacha sa cheantar trí úsáid a bhaint astu ina chuid filíochta
• Baintear úsáid as íomhánna simplí, soiléir sa dán seo atá intuigthe ag an ghnáthdhuine.
• Rithim - Tá rithim an dáin iontach mall
• Tá béim ar leith ar an dúlra sa dán seo
• Ton an dáin - Athraíonn ton an dáin nuair a labhraíonn Ó Searcaigh faoi Bhaile Átha Cliath. Déanann an file seo lena thaispeáint don léitheoir an fuath atá aige ar shaol na cathrach.