Céim in Airde: ‘Cuireadh do Mhuire’
MáirtÃn ó Direáin: Cuireadh do Mhuire
Pléann Ciara Nic Aodha agus Annie Clarke an dán
Teideal
• Scríobhadh an dán seo sa bhliain 1942 agus Ó Direáin ina chónaí in Iarthar na tíre ar na hOileáin Árainn.
• Tá Ó Direáin ag tabhairt cuireadh do mháthair Dé teacht chuig a bhaile le dídean a fháil.
Tearmaí
• Áthas – ‘Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse.’
• Bród – ‘Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna
Ar theallach adhainte.’
• Brón – ‘Cá rachair i mbliana?’
• Fearg – ‘Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta ina éadan.’
• Fuath – ‘fuath is uabhar.’
Téamaí
• An grá (don áit dúchais)
• Tábhacht na háite dúchais
• An choimhlint idir saol na cathrach agus saol an oileáin
• An creideamh.
Teachtaireachtaí
• Léiríonn Ó Direáin an meas mór atá aige ar shaol an oileáin agus ar mhuintir an oileáin sa dán seo.
• Creideann sé go bhfaighidh Muire an faoiseamh agus an suaimhneas céanna ar an oileán is a fhaigheann sé féin.
Téagar
• Íomhá – ‘Beidh coinnle gealaI ngach fuinneog lasta.’
• Siombalachas – An tine
• Codarsnacht idir meas mór ar an oileán agus easpa measa ar an domhan mór agus muintir an domhain.
• Úsáidtear caint na ndaoine áitiúla le teachtaireacht an fhile a chur in iúl.
• Rithim mhall rialta in úsáid.