Main content

Céim in Airde: Rian na gCos

Seán Ó Ríordáin: Rian na gCos

Déanann Gráinne Ní Ghilín agus an Dochtúir Niall Comer anailís ar ‘Rian na gCos’.

Teideal

• An claochú: gné de nádúr an duine
• Trí mheafar na siúlóide léirítear próiseas an athraithe inmheánaigh i mbeatha an duine – breith, beatha agus bás ar siúl an t-am ar fad ann, mar a bheadh slua daoine san aon duine amháin
• Fealsúnacht an fhile


Téarmaí

• Bualadh leis – casadh air
• Liom – go rabhas istigh ann
• Ann – iomlán, comhlíonta
• As – imithe, básaithe
• Dem – de mo
• I bhfara leis – in éineacht leis, ina theannta, beo ina chuideachta
• Amháin – iomlán
• Comhlíontar – iomlánaítear, críochnaítear, tugtar chun críche
• Sceo – craiceann, seithe
• Im shlí – i mo bhealach, romhan

Téamaí

• An file ar shiúlóid/ príomhphearsa an dáin
• Siúlóid = forbairt an duine agus a “iomlánaíonn” é mar dhuine (“Is mó mé i mise amháin”)
• Tagann claochlú air i rith na siúlóide/ an dáin.
• Dán meitifisiciúil atá ann a dhéanann iniúchadh ar fhorbairt an duine agus ar chumadh
• filíochta
• An guth/an glór sa dán
• Ag labhairt faoi féin ag an tús “Anois ba mhaith liom bualadh leis” vs ag caint faoin duine eile ag an deireadh “sé/ leis”
• Baineann sé seo le fealsúnacht Uí Ríordáin – go bhfuil ‘duine eile’ istigh ionann féin

Teachtaireachtaí

• An tuairim ann ag an tús go mb’fhéidir gur bás atá ann.
• “Aneas ní thiocfaidh sé” ach is deas í an íomhá “ba chlos trithí sruthán” ach cuireann an file in iúl go raibh an t-eispéireas seo ag duine eile “Ach ní mé a bhí i bhfara leis ag éisteacht le sruthán” – tugtar leid dúinn anseo go bhfuil an duine eile fós ann.
• Tá fealsúnacht an fhile le feiceáil sa line “Níor saolaíodh mé gur cailleadh é.” B’fhiú tagairt a dhéanamh do Oileán agus Oileán Eile – bíonn an file ag cuardach an duine istigh ionann féin.
• Tá Ó Ríordáin dóchasach as an duine atá istigh ann, go dtiocfaidh sé fríd: “Ach éiríonn le gach anáil,”

Téagar

• Tá rithim rialta sa dán seo amhail is go bhfuil duine ag siúl nó go bhfuil cosa ag titim ar an talamh.
• Tá rím ABCB i ngach véarsa
• Tá rím inmheánach – iontach éifeachtach le hatmaisféar a chothú agus leis an rithim a
• choinneáil rialta
• “Ó dheas a ghabh sé an mhaidin sin
• Aneas ní thiocfaidh sé.” – titeann béim an ghutha ar na siollaí sa dóigh chéanna agus a
• thiteann na cosa ar an talamh agus tú ag siúl
• Samhail – “Mar ghlór cailín fé cheilt sa chlaí” –
• Onamataipé/– “Ar shiúil sé leo sa láib”
• Siombalachas – rian na gcos mar shiombal den duine a chuaigh romhat. Seans go bhfuil rian den Chríostaíocht le sonrú anseo – íomhá d’Íosa ag siúl ar an ghaineamh.