Céim in Airde: An GadaÃ
Pádraig Mac Piarais: An GadaÃ
Dónal Ó Néill agus Padaà de Bléine ag plé ‘An Gadaà ’ le Pádraic Mac Piarais
Téarmaí
• Malraigh – buachaillí óga
• Focal an fhaire – rabhadh a thabhairt
• Ga - sting
• Spíonán - gooseberry
• Caonach, dúchosach & raithneach – plandaí a fhásann go fiáin sa gharraí
• Ráithe mhór – trí mhí
• Rachaidh mé i mbannaí – cinnte/muiníneach go dtarlóidh rud
• Gníomh croíbhrú – paidir ag iarraidh maithiúnas ó Dhia
• Ag gol – ag caoineadh
• Laidhricín – an méar beag
• Dhá boisín beag – dhá lámh
• Lán cráige fraochán – sméara
Téamaí
• Saol na Gaeltachta
• An Creideamh – peaca agus an chiontacht a bhaineann leo
• An teaghlach - an grá agus an dílseacht atá ag Antaine dá dheirfiúr
• Éiginnteacht idir an rud atá ceart agus an rud atá contráilte
• Cineáltas – Neans thar aon duine eile, ach Antaine fosta
Teachtaireachtaí
• An rud ceart Vs an rud contráilte. B’fhéidir go bhfuil teachtaireacht ag an Phiarsach do mhuintir na hÉireann gur fiú peaca a dhéanamh más ar son cúis níos tábhachtaí a dhéantar é.
• Chreid an Piarsach go daingean gur áit tábhachtach an Ghaeltacht agus go raibh páistí na Gaeltachta mar a ba chóir do hÉireannaigh a bheith. Bíonn laochas ag baint leis na páistí Gaeltachta ina scéalta, m. sh. Antaine agus Neans sa scéal seo, nó Eoghainín sa scéal Eoghainín na nÉan.
• Bhí ardmheas ag Mac Piarais ar an chreideamh. Tá go leor tagairtí sa scéal agus mar is léir ón bhreithiúnas aithrí a thugann an sagart d’Antaine go mbíonn Dia tuisceanach trócaireach.
Téagar
• Ar leibhéal amháin is scéal soineanta idéalach an scéal seo faoin ghasúr Antaine agus a phobal i nGaeltacht Chonamara ag tiontú na haoise seo a chuaigh thart. Ar leibhéal eile, áfach, is léirmheas dearfach é ar nádúr an duine – léirmheas a thugann an teachtaireacht gur laochra cróga cineálta iad na Gaeil.
• Pheacaigh Antaine d’aon turas nó gur chreid sé gurbh fhiú go mór é dá leigheasfaí Eibhlín. Ag an phointe seo is fiú a rá gur foilsíodh an scéal seo den chéad uair sa bhliain stairiúil 1916 nuair a bhí Mac Piarais agus a chomrádaithe ag gríosadh na réabhlóide i measc mhuintir na tíre. An é go raibh Éire ‘tinn’ agus go leigheasfaí í dá dtroidfeadh a muintir ar ais? Bheadh ar an té a rachadh i mbun troda an cúigiú aithne a bhriseadh – ná déan marú - ach chreid an Piarsach gurbh fhiú an fhuil a dhoirteadh dá leigheasfaí Éire a bhí ag fulaingt faoi lámh Shasana. Más fíor, is saghas parabail an scéal seo a thugann údar don doirteadh fola a bhí le teacht.
• Lucht cáinte an scéil seo, déarfadh siad go bhfuil an scéal seo ró-idéalach. Bíodh sé Antaine ag tabhairt aire dá chairde, an bhábóg ag leigheas na girsí óige nó carthanas na ngirsí eile, tá neart fianaise d’aisling an Phiarsaigh. Os a choinne sin, áfach, cén dochar leis sin?
• Tá teachtaireacht idéalaíoch polaitiúil aige agus cosúil le hÍosa ins an Bhíobla, úsáideann sé scéal soineanta leis an teachtaireacht a thabhairt.