Main content

Céim in Airde: Faoiseamh a Gheobhadsa

Máirtín Ó Direáin: Faoiseamh a Gheobhadsa

Cad é mar is féidir leat do thearmann féin a aimsiú? Anailís ar an dán.

Teideal

• Scríobhadh an dán seo nuair a bhí cúpla lá saor ag Ó Direáin agus rún aige iad a chaitheamh ar ais ar na hOileáin Árainn.
• Ba as na hOileáin Árainn dó ach bhí air bogadh go Baile Átha Cliath le post a fháil.
• Ní thaitníonn saol na cathrach leis agus tá dúil mhór aige ina áit dúchais.
• Cuireann sé saol suaimhneach an oileáin i gcomparáid le saol casta na cathrach sa dán seo.

Téarmaí

• Faoiseamh / suaimhneas - ‘faoiseamh a gheobhadsa’
• Áthas – ‘seal beag gairid’
• Grá – ‘I measc mo dhaoine’

• Uaigneas – ‘uaigneas duairc’
• Fuath – ‘ó chrá chroí’
• Brón – ó bhuairt aigne.’

Téamaí

• Téama an ghrá (don áit dúchais)
• Tábhacht na háite dúchais
• Téama an uaignis
• An choimhlint idir saol na cathrach agus saol an oileáin
• Meas ar an oileán agus dímheas ar an chathair.

Teachtaireachtaí

• An tábhacht ar leith atá le d’áit dúchais – idir cultúr agus teanga na ndaoine ann.
• Seo an áit ina bhfuil faoiseamh le fail – i measc mo dhaoine.

Téagar

• Athrá – ‘Faoiseamh a gheobhadsa
Seal beag gairid
I measc mo dhaoine
…..Thiar ag baile.’
• Uaim – ‘Ag siúl cois cladaigh’ / ‘ó chrá chroí.’
• Meafar – Is sanctóir nó tearmann an t-oileán.
• Codarsnacht idir cur síos dearfach ar an oileán agus cur síos diúltach ar an chathair.
• Rithim an dáin – athraíonn sé sa dara véarsa.