Main content

C茅im in Airde: An Tobar

Cathal 脫 Searcaigh: An Tobar

An Tobar pl茅ite ag Annie Clarke agus Ciara Nic Aodha

Teideal

• Treisíonn an teideal ‘An Tobar’ an tábhacht a bhí ag an tobar sna seanlaethanta agus an chumhacht atá ag an tobar mar íomhá den seansaol i súile an fhile. Is é 'tobar' an phríomhfhocal sa dán.
•Bhí bród ar theaghlaigh ag an am as a dtobar féin agus thug siad aire mhaith dó.
•Bhí an t-uisce a tháinig ón tobar dúchasach, nádúrtha agus glan.
•Baineann Ó Searcaigh úsáid as íomhá an tobair leis an bhród atá air as an teanga, as na seandóigheanna agus as an seansaol Ghaelach a léiriú don léitheoir.

Téarmaí

• Pobail
• An Ghaeilge
• Seandóigheanna

Téamaí

• An saol Gallda agus an saol Gaelach
• Meath na Gaeilge, meath na seandóigheanna
• Tábhacht a bhaineann le saol na hÉireann mar a bhíodh agus tionchar an Bhéarla (An saol Gallda) ar ár gcultúr agus ar ár dteanga.

Teachtaireachtaí

• Tá bean sa dán darb ainm seanBhríd agus ag tús an dáin, tairgeann seanBhríd deoch uisce don fhile ón tobar. Luann sé na rudaí maithe a bhaineann leis an uisce seo agus an mhaitheas a dhéanfaidh sé don fhile.
• Pléann an file leis an tabhacht a bhain leis na toibreacha sna seanlaethanta ach tá athrú ar an scéal anois, tá tabhacht an tobair imithe mar tá uisce reatha sna tithe.
• Ag deireadh an dáin, impíonn seanBhríd ar an fhile filleadh ar na foinsí agus ar an tobar.
• Is siombal é an tobar agus an t-uisce ón tobar de gach rud dúchasach, an teanga, an cultúr agus na seantraidisiúin. Bhí an tobar lárnach i saol daoine mar bhí daoine ag brath ar uisce an tobair le hiad a choinneáil beo. Tá seanBhríd ag impí orainn uilig gan dearmad a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge agus na traidisiúin agus an stíl bheatha atá againn.

Téagar

• Íomhá - Baineann Ó Searcaigh úsáid as an tobar mar íomhá den seansaol Ghaelach agus den Ghaeilge. Tá codarsnacht le feiceáil sa dán idir an t-uisce fíorghlan a thagann ón tobar agus an t-uisce Gallda atá ag sleamhnú isteach sna tithe “ó chnoic i bhfad uainn”.

• Teanga – an modh ordaitheach in úsáid - Aimsigh do thobar féin, a chroí, Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.

• Athrá - Athrá na bhfuaimeanna s/l sa dán seo, go háirithe sa dara leath den dán. Cuireann na fuaimeanna seo nathair nimhe i gcuimhne dúinn, agus is íomhá seo den dóigh a bhfuil an saol Gallda ag teacht isteach go ciúin ach gur bagairt atá ann dúinn uilig. “scairdeann uisce as sconna, uisce lom go loinnir”.

• Mothúcháin
• Fearg - Tá eochair an dáin seo le fáil sa cheathrú véarsa nuair a thuigimid go bhfuil an file míshásta go bhfuil dearmad déanta ag an ghlúin seo ar na toibreacha agus gur thiontaigh an ghlúin seo a ndroim leis an uisce agus leis an fhíoruisce, a n-oidhreacht féin.
• Dóchas - Tá am againn go fóill rudaí a athrú ach tá an t-am sin ag imeacht go gásta. “Tá am an anáis romhainn amach” Tá práinn ag baint leis an ráiteas seo.