Main content

C茅im in Airde: Athair

Miche谩l 脫 Conghaile: Athair

Is mian le mac r煤n a scaoileadh lena athair ach cad 茅 an toradh a bheidh air?

Teideal

• Léiríonn Ó Conghaile an meas atá aige ar an athair sa ghearrscéal agus an grá atá ag laoch an scéil dó. Chomhlíonann an t-athair a chuid dualgas – is athair ceart é.
• Buaileann muid le haithreacha eile, aithreacha chairde an mhic agus feictear codarsnacht idir iadsan agus athair an laoich.

Téarmaí

• Ina fhochair – in aice leis
• Eicínt – éigin
• Siúráilte – Béarlachas (cinnte)
• Ag braiteoireacht thart – hesitating
• De sciotán – go gasta
• Fós ina leathspairteach – bhí an mhóin go fóill fliuch
• I dtuilleamaí – ag brath ar rud
• Go fústrach – fidgety
• Fonn múisce ina ghlór – amhail is go mbeadh sé tinn
• Focar brocach – is ionann ‘brocach’ agus ‘salach’. ‘Focar’ – Béarlachas!
• Ar baillín beag – i ndiaidh tamaill bhig
• Sine thin – Bhí an bhó i bpian, áit a dtugann sí bainne.

Téamaí

• Hómaighnéasachas agus na deacrachtaí a bhíodh ag an phobal homaighnéasach in Éirinn sna 1980í – Ba chion coiriúil é sna 26 Contae go dtí 1993
• Teaghlach – Dílseacht agus an teaghlach mar aonad spioradálta
• An seansaol agus an saol nua-aimseartha
• An Ghaeltacht ag athrú
• Ciúnas na bhfear.

Teachtaireachtaí

• Cé chomh doiligh agus a bhíonn sé ar dhaoine teacht amach mar homaighnéasach
• Ról an mhic sa teaghlach, go háirithe i ndiaidh bhás na máthar
• Tábhacht na foighne – tugann an mac spás agus am dá athair agus léiríonn sé tuiscint cineálta
• An grá – is treise an grá ná an eagla nó an náire.

Téagar

• Leanann an scéal, atá suite faoin tuath, an comhrá a thiteann amach eatarthu agus déantar scagadh ar smaointe an fhir óig agus a athair ag dul i ngleic leis an eolas a thugtar dó
• Is léir gur duine tuisceanach dea-chroíoch é an mac a bhfuil an-aird aige ar mhothúcháin a athar
• Is léir gur seanduine den seandéanamh gan amhras é an t-athair. Dála fhir na hÉireann sa ghlúin sin, ba dhoiligh leis a chuid mhothúchán a nochtadh go poiblí
• Is sean-Chaitliceach traidisiúnta é an t-athair, coisriceann sé é féin san umar uisce den Chroí Ró-Naofa ag an doras. Léiríonn na gnéithe seo go raibh sé deacair ag an athair glacadh leis an nuacht seo ón mhac, nó de réir theagasc na hEaglaise Caitlicí is rud peacach duine bheith i gcaidreamh homaighnéasach
• Is meafar é an range ar na seandóigheanna, ar ré an athar, ar an choimeádachas, b’fhéidir, agus léiríonn an mac an saol úr nó an liobrálachas a bhí agus atá ag teacht i réim in Éirinn
• Tuigtear ó líne dheireanach an ghearrscéil go bhfuil an t-athair ag glacadh leis an scéal agus go leanfaidh an saol mar a bhí.