Main content

C茅im in Airde: A Fhir Dar Fhulaingeas

M谩ire Mhac an tSaoi: A Fhir dar Fhulaingeas

D茅anann Gr谩inne N铆 Ghil铆n agus an Docht煤ir Niall Comer 贸 Ollscoil Uladh, anail铆s ar an d谩n


Teideal

• Tuiseal gairmeach – an file ag caint go díreach le fear, shílfeá, ach ag caint le duine eile i ndáiríre (‘dar fhulaingeas’ seachas ‘ar fhulaing mé duit’) – an pobal? Í féin?
• Leid ar ábhar an dáin – pian, fulaingt, crá croí
• Láidir, cumhachtach


Téarmaí

•feasta – as seo amach
• clabhsúr – deireadh, críoch
• dóthanach den damhsa táim – tá mo sháith agam den amaidí seo
• leor mo bhabhta mar bhantráill – tá mo sháith agam den tréimhse seo agus mé i mo sclábhaí mná
• gur toil liom – gur rogha liom, gur mhaith liom, is é mo thoil é
• comhraím – déanaim cuntas
• a mhic mhínáire – a fhir gan náire, fear sotalach, fear ar cuma leis
• mo dhíol gan ádh gan áille – tá mé fágtha agus níl aon ádh orm agus níl mé álainn
• conas – cén dóigh, cad é mar
• d’agróinnse – ón bhriathar ‘agair’, díoltas a bhaint amach
• conas a d’agróinnse ort – cén dóigh a bhainfinn díoltas amach (ní thiocfadh liom díoltas a bhaint amach)
• claochló gréine ach t’amharc – níl le déanamh ach amharc ort agus tiocfaidh athrú ar an ghrian (tá tú chomh hálainn sin gur rud neamhshuntasach í an ghrian féin i gcomparáid leat)
• duí gach lae – duibhe gach lae, tá gach lá dubh dorcha
• scailp – (1) fód, (2) tréimhse
• daoirse – malairt saoirse, gan saoirse
• fé scailp daoirse - tréimhse throm, deacair gan saoirse
• malairt – contrárthacht, rogha eile seachas an ceann atá agat
• baoth – amaideach, gan chiall
• bréagshaoirse – saoirse bhréagach
• malairt bhaoth an bhréagshaoirse – is rogha amaideach gan chiall í saoirse nach saoirse cheart í
• Cruaidh an cás mo bheith let ais – tá sé an-deacair orm a bheith in aice leat
• bheith it éagmais – gan a bheith in aice leat, gan tú a bheith in aice liom
• margadh bocht – drochmhargadh
• a óigfhir – ógfhear, fear óg, ag caint go díreach leis

Téamaí

• grá agus caidreamh faoi rún
• grá leatromach
• deireadh le caidreamh
• an tuiscint phianmhar go bhfuil deireadh le caidreamh
• an phian a bhaineann le briseadh amach ó leannán
• aiféala
• crá croí / riocht truamhéileach an leannáin mhná a tréigeadh
• daoirse croí
• andúil i gcaidreamh
• atógáil féinmheasa agus féinmhuiníne

Teachtaireachtaí

• Cineál de dhaoirse é an grá nó caidreamh faoi rún
• I ndeireadh an lae, níl sásamh le baint as grá faoi rún
• Briseadh croí atá i ndán don té a théann i mbun caidrimh faoi rún
• Is mór an crá croí a bhaineann le caidreamh faoi rún
• Is doiligh tú féin a shaoradh ó shnaidhm an ghrá leatromaigh
• B’fhearr gan a bheith ag fulaingt ar son an ghrá nach grá é
• Is gá a bheith láidir le briseadh amach ó dhroch-chaidreamh

Téagar

• Mairg don bhean a dtugann a croí gean don té nach grá leis í
• Cúis fulaingthe é an grá leatromach
• Nuair atá do sháith fulaingthe agat, is ansin a athróidh tú cúrsa do shaoil

Gaeilge na Mumhan

• Foirmeacha táite den bhriathar: dar fhulaingeas – dar fhulaing mé / táim – tá mé
• fé – faoi
• duí – duibhe, bunaithe ar an fhocal ‘dubh’
• Aidiacht shealbhach: let ais – le do ais (in aice leat) / it éagmais – i d’éagmais (gan tú i m’aice)