Main content

C茅im in Airde: Tost

Se谩n 脫 R铆ord谩in: Tost

D茅anann Gr谩inne N铆 Ghil铆n agus an Docht煤ir Niall Comer anail铆s ar an d谩n

Teideal

• Focal amháin - easpa cumadóireachta, easpa inspioráide ag cur isteach go mór air mar fhile le fada an lá
• Tá an teideal gonta
• Ní fhágann sé aon amhras orainn go bhfuil frustrachas i gceist
• Tá an tobar tráite mar fhile
• Tá aigne an fhile faoi ghlas

Téarmaí

• Deireadh scribe- ceann scribe, deireadh turais, deireadh an bhóthair
• Go baileach – go cruinn, beacht cinnte
• Cumna cá fhad a chaithim an smaoineadh air – ag iarraidh cuimhneamh air
• Leagas – chuireas, fhágas
• Fé ghlas – faoi ghlas, glas air
• Farasbarr – breis, barraíocht, an méid atá fágtha, fuílleach
• Barra taoide – an raic/fheamainn srl a chaitear I dtír leis an fharraige
• Chraol – fograím, insím, deirim
• Ná bain – ná bac, ná tabhair faoi, ná déan iarracht
• Tearmann – áit dídean shábháilte, gan chontúirt
• B’é – Bhféidir, seans
• Slad – creach, éadúil

Téamaí

• Frustrachas nach dtig leis filíocht a chumadh
• Aigne an fhile ‘fé ghlas’ agus dtig leis teacht ar an eochair chun a aigne a oscailt arís
• Níl aon dóigh aige chun dul isteach ann féin, isteach ina phearsa cheart, ina fhile – tagann sé seo ar ais chuig ‘dhá phearsa,’ a bhaineann go mór le fealsúnacht Uí Ríordáin
• Amharcann sé ar a aigne mar a bheadh trá ann agus go bhfuil na smaointe uile a thagann isteach in aigne mar a bheadh éadáil ann .i. ‘gach barra taoide ait/ dár chraol an mhuir isteach.’
• Tá an nasc idir an phearsa cheart sin agus scríobh na filíochta chomh láidir, chomh gar sin, go ndéanann sé briathar de – ríordánóinn
• Tagann athrú ar an dán ina dhiaidh seo. Tosaíonn an Ríordánach á cheistiú féin – agus is mar chuid d’fhealsúnacht Uí Ríordáin a bhí ann – an síormhachnamh inmheánach, an síorchuardach ar an fhírinne
• Molann sé dó féin a bheith sásta leis an ‘aigne neamhscrite’ agus is léiriú é seo ar an eapsa dóchais atá le sonrú i gcuid mhór mhaith d’fhilíocht Uí Ríordáin

Teachtaireachtaí

Fágann sin go bhfuil an file ag teacht ar an tuairim, de réir mar a dhéanann sé a mhachnamh ar an tost, gur fearr dó an tearmann, an tost, an aigne neamhscríofa, an tsíocháin.

Téagar

• Úsáideann sé roinnt meafar.
• Meadaracht: Aonad thrí line atá sa dán ; patrún rithime agus comhfhuaimeanna deiridh (-a-, -a-, -i-) rialta go leor
• Léiríonn an trá – intinn an fhile
• Éadáil na mara – ‘bé’ nó muse an fhile – an t-ábhar a chaitheann an fharraige isteach, is ionann é seo agus na smaointe a spreagann filíocht. Seans gur ag smaoineamh ar an fhrása ‘ar an trá fholamh’ atá sé anseo.
• Eochair – an ‘glas’ a chuir sé féin ar bhealach isteach chun na hionspioráide.
• Oíche ghaoithe – stoirm a ransaigh na smaointe agus an tinfeadh a bhí thiar dena chuid filíochta.
• Ina bheathaisnéis ar an Ríordánach, maíonn an t-ollamh Seán Ó Coileáin gur scríobh an file an dán seo agus lagmhisneach air, é gonta go smior ag an ionsaí a rinne Máire Mhac a’ tSaoi agus daoine eile air as droch-Ghaeilge agus drochfhilíocht agus aineolas ar an traidisiún.